Scéal ár Náisiúin

Tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann lonnaithe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá thart ar dhá mhilliún leathanach de bhéaloideas scríofa ann, chomh maith le níos mó ná 10,000 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime, thart ar 70,000 grianghraf agus íomhá, agus leabharlann speisialtóireachta.

Tá an Cnuasach seo ar cheann de na hacmhainní cultúrtha is tábhachtaí in Éirinn, a thaifeadann scéal ár náisiúin le blianta fada anuas. Ba ghníomh fadradharcach é nuair a bhunaigh stát nua na hÉireann Coimisiún Béaloideasa Éireann sa bliain 1935, ar aon dul le tionscnaimh idirnáisiúnta eile a bhí ar bun ag an am. Mhaoirsigh an Coimisiún foireann bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha a d’oibrigh chun taifeadadh a dhéanamh go córasach ar thraidisiúin bhéil, ar dhéantáin agus ar nósanna dúchasacha, ar cheol agus ar amhráin thraidisiúnta, agus ar chreidiúintí agus ar chleachtais tíre ar fud na hÉireann.

Is é an corpas ollmhór luachmhar seo a thaifead agus a chaomhnaigh na bailitheoirí sin croílár Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Tugann an t-ábhar atá sa Chnuasach spléachadh dúinn ar shaol nach ann dó níos mó go minic. Tugann sé deis dúinn éisteacht le guth na ngnáth-Éireannach agus tuiscint níos fearr a fháil orthu. Is é seo ár stair neamhscríofa ar bhealach. Is iad na scéalta seo scéalta seo againne.

Úsáidtear an béaloideas mar mhodh chun an domhan mór thart timpeall orainn a thuiscint. Tá creidiúintí, nósanna, caitheamh aimsire, ceol, amhrán, gnásanna agus scéalaíocht i measc na dtraidisiún a fuaireamar le hoidhreacht agus a chabhraíonn linn ár dtuiscint ar ár dtimpeallacht a mhúnlú.

Ó bhreith go bás tugaimid suntas do thréimhsí agus do dhátaí faoi leith, agus muid ag comóradh athruithe ar na séasúir, ag ceiliúradh imeachtaí éagsúla, ag iarraidh go mbeidh an t-ádh orainn nó an t-olc a choinneáil ó dhoras. Déanann an béaloideas cur síos ar an áit agus ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a gcruthaímid siamsaíocht agus ar an méid a chreidimid agus a bhfuil faitíos orainn roimhe.

Déanann an béaloideas cur síos ar an áit agus ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a gcruthaímid siamsaíocht agus ar an méid a chreidimid agus a bhfuil faitíos orainn roimhe.

Na Traidisiúin a Fuaireamar le hOidhreacht

Tionscnaimh den scoth ab ea Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol idir 1937 agus 1938, inar bhailigh 100,000 dalta bunscoile ó níos mó ná 5,000 scoil béaloideas agus stair áitiúil ina gceantar féin, ó chomharsana, ó thuismitheoirí agus ó thuismitheoirí a dtuismitheoirí. Spreagadh na daltaí le ceist a chur faoin stair áitiúil agus faoi shéadchomharthaí áitiúla; amhráin, cluichí agus caitheamh aimsire; nósanna, scéalta béaloidis agus finscéalta; agus nósanna traidisiúnta ceardaíochta agus oibre. Tá cóipleabhair lámhscríofa na ndaltaí sin ó dheireadh na 1930idí i seilbh Chnuasach Bhéaloideas Éireann anois.

Tá go leor daoine a ghlac páirt i mBailiúchán na Scol tar éis cuairt a thabhairt ar an gCnuasach agus a gcóipleabhar féin a léamh ina nglac féin, agus tá na mílte duine eile tar éis teacht chun an béaloideas a bhailigh na glúine romhainn a léamh agus taighde a dhéanamh air.

Níl anseo ach bealach follasach amháin ina n-éascaíonn an Cnuasach Éireannaigh, sa bhaile agus i measc an diaspóra, chun teagmháil dhíreach a dhéanamh lena n-oidhreacht chultúrtha.

Maria Spilsbury Taylor (1776-1820), ‘Pattern at Glendalough’ c. 1816, olaphictiúr ar chanbhás 102 x 124 cm. Ceann de na pictiúir atá ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann.


Ár bhFuinneamh, Ár gCruthaitheacht

Léiríonn an chruthaitheacht agus an fuinneamh den scoth a fheictear i gcuid mhór de chreidiúintí agus de scéalaíocht tíre na hÉireann an traidisiún seanbhunaithe de chaidreamh samhlaíoch leis an dúlra thart timpeall orainn agus le gnéithe den domhan eile sin ina mbíonn taibhsí, an bhean sí, sióga agus púcaí.

Tá an nathaíocht agus an greann, lena n-áirítear an cumas a bheith ag spochadh as polaiteoirí nó as na húdaráis, tábhachtach i dtraidisiún tíre na hÉireann agus faightear léargas níos fearr ar an am atá thart, agus tuiscint níos doimhne air, ó sheanchas bailithe na ndaoine.

Spreagadh mór atá i gcuid mhaith de Chnuasach Bhéaloideas Éireann do go leor daoine fós mar sin. Téann ceoltóirí agus amhránaithe, go háirithe, i mbun oibre le taifeadtaí agus le tras-scríbhinní agus, i ndiaidh foghlaim uathu, tugann siad léargas nua ar ábhar a caomhnaíodh go cúramach, saothrach. Athghintear traidisiún saibhir na hÉireann arís agus arís eile mar gheall ar a leithéid.

Um fhómhar, dhéantaí trilseán de na gais arbhair dheiridh a bhí fós ag fás, agus ansin bhaintí iad agus thugtaí abhaile iad le crochadh os cionn an dorais mar shiombail chosanta. Ghlaoití ‘cutting the cailleach’ ar an gcleachtas seo in Ard Mhacha. Dromainn Tí, Sliabh gCuillinn, Contae Ard Mhacha, 1930idí.


Ár gCuimhne Náisiúnta

Léiríonn réimse mór an ábhair sa Chnuasach gné thábhachtach dár gcuimhne náisiúnta. Cloistear macalla ghuth na ndaoine nach mbeadh le cloisteáil ná le taifead murach é.

Tá scéalta, cur síos, íomhánna agus fuaimeanna sa Chnuasach ó na mná, fir agus páistí, idir chathrach agus tuaithe, a mhúnlaigh an tsochaí ina gcónaímid. Ó bunaíodh é, tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann ag maoirsiú thaifeadadh, chaomhnú agus scaipeadh na ngnéithe éagsúla den chultúr tíre a léiríonn cuimhne na hÉireann.

Bunaíodh Fondúireacht Bhéaloideas Éireann le déanaí chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh le hobair Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus go gcuirfear ar fáil do chách é. Cabhróidh do thacaíocht linn agus muid Ag Bailiú, Ag Caomhnú agus Ag Roinnt.

Crú capaill ar dhoras, Claoideach, Gleann na Ruachtaí, Contae Chiarraí, 1946.


Tá do thacaíocht de dhíth ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann

Cabhraigh le hobair Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann chun cuimhne na ndaoine a chaomhnú. Is féidir tabhartas a dhéanamh má dhéanann tú cnaipe Paypal a úsáid nó foirm thacaíochta a íoslódáil.

Teagmháil

Cnuasach Bhéaloideas Éireann
The National Folklore Collection

www.ucd.ie/folklore/en

Éarlamh
Micheál D. Ó hUigínn Uachtarán na hÉireann

Patron
Michael D. Higgins President of Ireland